These are the stories that O.Palna liked very much indeed, even to the point of translating them into her mother tongue.

Bairbre

Bairbre.pdf
Bairbre.fb2

Bairbre
(©) Pádraic Mac Piarais (1915)
Барбара
(©) Sirotenko Olga Pavlovna (2013)

Pádraic H. Pearse - Bairbre (Ireland)

    Ni raibh Bairbre ro-shlachtmhar an la a b'fhearr a bhi si. D'admhochadh einne an meid sin. An chead chas de, bhi si geam-chaoch. Dearfa, le breathnughadh uirthi, go raibh si ar leath-shuil. Niorgheill Brighidin riamh go raibh, amhthach. Uair amhain da ndubhairt cailin beageile, le corp uilc ar an mbeirt aca, nach raibh ag Bairbre acht “leath-shuilincaoch ar nos cuit an tailliura,” dubhairt Brighidin go feargach go raibh adha suil ag Bairbre chomh maith le duine, acht gurab amhlaidh bhiodh leath-shuildunta aici, mar go mbadh leor leithi an t-aon cheann amhain (biodh is gomba ceann caoch i) le haghaidh a cuid gnotha a dheanamh. Biodh sin mar ata,ni feidir a cheilt go raibh plaitin innti; agus fagaim lem' ais nach deas anrud plaitin i n-og-mhnaoi. Rud eile, bhi si i n-a balbhan; no badh cirte dhoma radh nar labhair si le heinne riamh acht le Brighidin amhain. Ma b'fhiordo Bhrighidin, bhi teanga bhlasta Gaedhilge aici agus bhi a cuid smaointe arailneacht an domhain. Ni go maith bhi si i n-ann siubhal, thar e bhi si ar leathchois agus bhi an leath-chos sin feinbriste. Bhi dha chois aici trath, acht d'ith an gadhar ceann aca, agus briseadh anceann eile san ait ar thuit si de bharr an drisiuir.

    Acht cia hi Bairbre, arsa tusa, nocia hi Brighidin? 'Si Brighidin anghirrseach bheag no, mar adearfadh sifein, an gasuirin beag mna, ata i n-acomhnaidhe sa teach is goire do theach anmhaighistir, — ar thaoibh na ciotoige arndoigh, ag dul soir an bothar duit.Is cosmhail go n-aithnigheann tu anoisi? Muna n-aithnighir, nil neart agamsa ort. Nior chualas riamh cia dhardiobh i, agus dubhairt si fein liomnach bhfuil d'ainm ar a hathair acht“Dheaide.” Maidir le Bairbre, —'seadh, ta se chomh maith agam eachtraagus imtheachta Bhairbre innseacht duitthrid sios.

 

    EACHTRA BHAIRBRE ANNSO.

    La dar eirigh mathair Bhrighidin, thugsi a mbricfasta do Bhrighidin agus da hathair, do'n ghadhar, do'n chuitin, dona gamhnaibh, do na cearcaibh, do nageadhaibh, do na lachain, agus do'nspideoigin a thagadh go dti an dorasam bricfasta gach uile mhaidin. Nuaira bhi an meid sin deanta aici d'ith si abricfasta fein. Annsin thosuigh si 'gagleasadh fein le haghaidh an bhothair.

    Bhi Brighidin i n-a suidhe ar a stoilinfein gan smid aisti, acht i ag cur nasul tri n-a mathair. Sa deireadh thiarthall labhair si:—

    “Bhfuil Mama ag imtheacht o Bhrighidin?”

    “Nil, a stoir. Tiocfaidh Mamaaris trathnona. Ta si ag dul goGaillimh.”

    “Bhfuil Brighidin ag dul annfreisin?”

    “Nil, a chuid. Ta an bealach rofhada agus bheadh mo chailin beagtuirseach. Fanfaidh si sa mbaile agdeanamh spraoidh di fein, mar a dhean-fadh cailin maith. Nach bhfanfaidh?”

    “Fanfaidh.”

    “Ni rachaidh si amach ar an tsraid?”

    “Ni rachaidh.”

    “Tiocfaidh Dheaide isteach am dinneir agus beidh beile agaibh le cheile.Tabhair pog do Mhama anois.”

    Tugadh an phog agus bhi an mhathair agimtheacht. Phreab Brighidin i n-aseasamh.

    “A Mhama!”

    “Ceard e hein, a ruin?”

    “Nach dtiubhraidh tu feirin a bhailechuig Brighidin?”

    “Tiubhrad, a chuid. Feirin deas.”

    D'imthigh an mhathair agus d'fhanBrighidin go sasta sa mbaile. Shuidhsi fuithi ar a stoilin. Bhi an gadhar in-a luib os comhair na teineadh aguse ag srannadh. Dhuisigh Brighidin eagus chuir cogar i n-a chluais —

    “Tiubhraidh Mama feirin a bhailechuig Brighidin!”

    “Bhuf!” ars' an gadhar agus chuaidha chodladh do fein aris. Bhi a fhios agBrighidin gurbh' ionann “Bhuf!” agus“Maith an sgeal!”

    Bhi an cuitin i n-a shuidhe ar anteallach. Thog Brighidin i n-a dha laimhe, chuimil a chealltar da leiceann,agus chuir cogar i n-a chluais —

    “Tiubhraidh Mama feirin a bhailechuig Brighidin.”

    “Mi — amha!” ars' an cuitin. Bhi afhios ag Brighidin gurbh' ionann “Mi —amha!” agus “Maith an sgeal!”

    Leag si an cuitin uaithi agusd'imthigh ar fud an tighe ag gabhailfhuinn di fein. Rinne si amhran beagmar leanas:—

    “A ghadhairin o 's a ghadhairin o!

    Codail go foill go dtigidh moMhama!

    A chuithin o 's a chuitin o!

    Bi ag cronan go dtigidh si a bhaile!

    A ghadhairin o 's a chuitin o!

    Ar an aonach o! ata mo Mhama,

    Acht tiocfaidh si aris trathnoinin o!Is tiubhraidh si feirin leithi abhaile!”

    Thug si iarracht fa'n amhran so amhuineadh do'n ghadhar, acht is mo anduil a bhi ag an ngadhar i gcodladh 'nai gceol. Thug si iarracht fa n-amhuineadh do'n chuitin, acht ba bhinneleis an gcuitin a chronan fein. Nuairthainig a hathair isteach fa mheadhon lae ni dheanfadh tada cuis di acht ant-amhran a radh dho agus a chur d'iallachair e fhoghlaim de ghlan-mheabhair.

    D'fhill an mhathair a bhaile roimhthrathnona. B'e an chead fhocaladubhairt Brighidin —

    “Ar thug tu an feirin leat, aMhama?”

    “Thugas, a chuisle.”

    “Ceard a thug tu leat?”

    “Tomhais!” Bhi an mathair i n-aseasamh i lar an urlair. Bhi a malaleagtha ar an urlar aici agus a lamhataobh thiar dhi.

    “Sweets?”

    “Ni headh!”

    “Caca milis?”

    “Ni headh, muis'! Ta caca milisi mo mhala agam acht ni he sin anfeirin.”

    “Peire stocai!” Nior chaith Brighidin broga na stocai riamh agusb'fhada dhi ag tnuthan leo.

    “Ni headh, go deimhin! Ta tu ro-og le haghaidh stocai go foillin.”

    “Leabhar urnaighthe!” Ni gabhadhdhom a radh nach raibh Brighidin i n-ann leigheadh (thar e nior chuir si la isteachar sgoil i n-a saoghal), acht cheap si goraibh. “Leabhar urnaighthe!” ar sise.

    “Ni headh, chor ar bith!”

    “Ceard e hein, 'd eile?”

    “Breathnuigh!”

    Leath an mhathair a dha laimh, agusceard a nochtfadh si acht baboigin!Baboigin bheag adhmaid a raibh plaitininnti, agus i geam-chaoch; acht bhi a dhagruaidh chomh dearg le caor agus bhismigeadh gaire ar a beal. Einne ambeadh cion aige do bhabogaibh, thiubhradh se gean agus gradh dhi. Lassuile Bhrighidin le hathas.

    “Ora, nach deas i! Ara, a Mhama,a chroidhe, ce bhfuair tu i? Ora o!Beidh paiste agam dem' chuid heinanois — paiste dem' chuid heinin hein!Beidh paiste ag Brighidin!”

    Rug si ar an mbaboigin agusd'fhaisg le n-a croidhe i. Phog si aplaitin beag maol is a dha gruaidhdhearga. Phog si a beilin is a sroiningheanncach. Annsin chuimhnigh si uirthifein, chroch a ceann, agus ar sise len-a mathair —

    “Poch!” (mar sin adeireadh Brighidin “pog”).

    D'isligh an mhathair no gur phog ancailin beag i. Annsin b'eigin di anbhaboigin a phogadh. Thainig an t-athairisteach ar an bpuinnte sin aguscuireadh fa ndeara do-san an cleasceadna a dheanamh.

    Ni raibh tada ag deanamh imnidhedo Bhrighidin ar feadh an trathnonasin acht cia an t-ainm a bhaistfeadh siar an mbaboig. Mhol a mathair“Malai” dhi agus cheap a hathair gombadh feileamhnach an t-ainm “Peigi.”Acht ni raibh ceachtar aca so sathachgalanta, dar le Brighidin.

    “Tuige ar tugadh ‘Brighidin’ ormsa, a Dheaide?” ar sise tar eis suipeir.

    “Dubhairt na sean-mhna gur chos-mhail led' Oncail Padraic thu, agus otharla narbh' fheidir ‘Padraic’ abhaisteadh ort, baisteadh ‘Brighid’ ort,mar b'fhacthas duinn gurbh' e an rudba ghoire dho e.”

    “Meas tu an cosmhail i seo (anbhabog) lem' Oncail Padraic aDheaide?”

    RINNE BRIGHIDIN MACHTNAMHAR FEADH TAMAILL.

    “O, ni cosmhail chor ar bith. Tat'Oncail Padraic ban — agus creidimgo bhfuil feasog anois air.”

    “Cia leis is cosmhail i, 'd eile?”

    “Muise, badh deacair a radh, achailin o! — badh deacair sin.”

    Rinne Brighidin machtnamh ar feadhtamaill. Bhi a hathair ag baint a cuideadaigh dhi os comhair na teineadh arfeadh an ama so, mar bhi se i n-amaici bheith ag dul a chodladh. Nuair abhi bainte dhi chuaidh si ar a gluinibhchuir a dha laimhin le cheile, agus thosuighuirthi mar so:—

    “A Iosa Criosta, go mbeannuighidhtu agus go sabhalaidh tu sinn! A IosaCriosta, go mbeannuighidh tu Dheaideagus Mama agus Brighidin, agus gogcuiridh tu slan sabhailte o thubaisteagus o anachain na bliadhna sinn, ma'se toil mo Shlanuightheora e. A Dhia,go mbeannuighidh tu m'Oncail Padraic,ata anois i 'Merioca, agus m'AintBairbre —” Stad si go hobannagus chuir gair athais aisti.

    “Ta se agam! ta se agam, aDheaide!” ar sise

    “Ceard ta agat, a ghradh? Fan gogcriochnuighidh tu do chuid paidreacha.”

    “M'Aint Bairbre! Is cosmhaillem' Aint Bairbre i!”

    “Cia is cosmhail led' Aint Bairbre?”

    “An bhaboigin! Sin e an t-ainm athiubhras me uirthi! Bairbre!”

    Leig an t-athair a shean-sgairt ghairesul ar chuimhnigh se nach raibh napaidreacha criochnuighthe. Ni dhearnaBrighidin gaire ar bith, acht lean uirthimar so:—

    “O! a Dhia! go mbeannuighidh tum'Oncail Padraic, ata anois i'Merioca, agus m'Aint Bairbre, agus”(seo aguisin a chuir si fein leis) “agusgo mbeannuighidh tu mo Bhairbre bheaghein agus go gcoinbhighidh tu o pheacadhmarbhtha i! Amen, a Thighearna!”

    Sgairt an t-athair ag gairidhe aris.D'fheach Brighidin air agus iongnadhuirthi.

    “Sguab leat siar anois agusisteach in do leabaidh leat go beo!”ar seisean chomh luath is d'fhead selabhairt le gaire. “Agus na deandearmad ar Bhairbre!” ar seisean.

    “Is beag an baoghal!” Siar leithisa seomra agus isteach sa leabaidhleithi de leim. Bi cinnte nar dhearmaid si Bairbre.

    O'n oidhche sin amach ni rachadhBrighidin a chodladh ar or na ar airgead gan Bairbre a bheith sa leabaidhaici. Ni shuidhfeadh si chum biadh achaitheamh gan Bairbre a bheith i n-asuidhe le n-a hais. Ni ghabhfadh siamach ag deanamh grinn di fein ganBairbre a bheith i n-a fochair. Domhnachamhain a dtug a mathair leithi chuig anAifreann i, ni raibh Brighidin sasta ganBairbre a thabhairt ann freisin. Nithagadh bean chomhursan isteach agcuairteireacht nach gcuirfidhe Bairbrei n-aithne di. La dar bhuail an sagartisteach chuca d'iarr Brighidin air abheannacht a thabhairt do Bhairbre. Thugse a bheannacht do Bhrighidin fein. Shilsise gur do'n bhaboig a thug se i, agusbhi si lan-tsasta.

    Shocruigh Brighidin parlus beagdeas do Bhairbre ar bharr an drisiuir.Chuala si go raibh parlus ag a hAintBairbre (i nUachtar Ard a bhi sise i n-a comhnaidhe) agus cheap si nar mhorda Bairbre-se parlus a bheith aici chomhmaith le duine. Thuit mo Bhairbrebhocht de bharr an drisiuir la, mard'innsigheas cheana, agus briseadhleath-chos leithi. Is iomdha timpistethairis sin d'eirigh di. La eile rug angadhar uirthi agus bhi 'ga stroiceadho cheile go dtainig mathair Bhrighidindo chabhair uirthi. D'fhan an leath-chosshlan ag an ngadhar. Thuit si isteachsan abhainn uair eile agus hobair gombaithfidhe i. 'Se athair Bhrighidin athainig do chongnamh uirthi an turas so.Is beag nar baitheadh Brighidin feinagus i a d'iarraidh i tharrthail o phortna habhann.

    Ma bhi Bairbre gan a bheith rodhathamhail an chead la a dtainig si,luigheann se le nadur nach fearr anslacht a bhi uirthi thar eis bliadhain achur dhi. Acht ba chuma le Brighidindathamhail no mi-dhathamhail i. Thug sigradh a croidhe di o'n gcead noimeadar leag si suil uirthi, agus is agmeadughadh a bhi an gradh sin o la gola. Nach ag an mbeirt aca a bhiodh an greann nuair a d'fhagadh an mhathair anteach fa n-a gcuram trath a mbiodhsi ar cuairt tigh chomhursan! Bhiodh ant-urlar sguabtha agus na platai nighteaca roimpi nuair a d'fhilleadh si.Agus nach ar an mathair a bhiodh ant-iongnadh, mar 'dheadh!

    “An i Brighidin a ghlan an t-urlarda Mama?” adeireadh si.

    “Brighidin agus Bairbre,” adeireadhan cailin beag.

    “Muise, ni' me beo ceard a dheanfainn muna mbeadh an bheirt agaibh!”adeireadh an mhathair. Agus nach arBhrighidin a bhiodh an rimead agus anbrod!

    Agus na laetheannta fada samhraidha chuiridis dhiobh ar thaoibh an chnuic,i measg na raithnighe agus na mblath! —Brighidin ag bailiughadh noinini ismeirini is bainne bo bliochtain agusBairbre 'ga gcomhaireamh di (mardeireadh si); Brighidin ag siorchainnt agus ag innseacht sgealtanach gcuala duine na daonnaidhe (niairmhighim baboigin) a leitheid riamhroimhe na o shoin, agus Bairbre ag eisteacht leithi; — caithfidh se go mbiodhsi ag eisteacht go haireach, mar nithagadh focal as a beal.

    'Se mo bharamhail nach raibh gearrchaile i gConnachtaibh na, da n-abrochainn e, san Roinn Eorpa, ba shastashonasaighe 'na Brighidin na laetheanntaud; agus fagaim le hudhacht nach raibhbaboigin fa luighe na greine ba shastashonasaighe 'na Bairbre.

    Sin mar bhi go dtainig Niamh ChinnOir.

 

    II.

    B'as Baile Atha Cliath do NiamhChinn Oir. Bean uasal a thainig do'nGhort Mhor ag foghlaim Gaedhilge,gheall si roimh imtheacht di go gcuirfeadh si seod eigin chuig Brighidin. Agus, ar ndoigh, chuir. Laamhain, tuairim is seachtmhain tareis imtheacht di, shiubhail Beartli anPhosta isteach i lar na cisteanaigheagus leag bosga mor ar an urlar.

    “Duit-se, a bhean og,” ar seiseanle Brighidin.

    “Ara, ceard ta ann, a Bheartli?”

    “Ca bhfios dom? Sidheog, b'fheidir.”

    “O bho! Ce bhfuair tu e?”

    “O fhirin beag glas, a raibh feasogfhada ghorm air, caipin dearg ar amhullach, agus e ar marcaidheacht arghiorrfhiadh.”

    “Ora, 'dheaide! Agus ceard dubhairt se leat, a Bheartli?”

    “Dheamhan ceo adubhairt se acht‘Tabhair e seo do Bhrighidin, is mobheannacht,’ agus as go brathach leis lesmeideadh do shul.”

    Taim i n-aimhreas narbh' fhior doBheartli an tuairisg seo ar fad, achtchreid Brighidin gach focal di. Ghlaoidhsi ar a mathair, san ait a raibh si istighsa seomra ag togail na haite tar eisan bhricfasta.

    “A Mhama, a Mhama, bosga mordo Bhrighidin! Firin beag glas araibh feasog fhada ghorm air a thug doBheartli an Phosta e!”

    Thainig an mhathair amach agus bhailighBeartli leis.

    “A Mhaimin, a Mhaimin, osgail anbosga go tapaidh! Ceapann Beartligo mb'fheidir gur sidheog ata annCorruigh leat, a Mhaimin, no ca bhfios duinn nach muchfaidhe istigh sa mbosgai?”

    Ghearr an mhathair an tead. Bhainsi an paipear de'n bhosga. Thog si anclar. Ceard a bheadh ann, i n-a luighego deas cluthmhar sa mbosga mar abheadh paiste i gcliabhan, acht an bhabogis ailne 's is gleoite da bhfaca suilriamh! Bhi folt or-bhuidhe uirthi agus e agtuitim i n-a bhuclaibh triopallacha thara braghaid is thar a guailnibh. Bhiluisne an rois i n-a leiceann. 'Sian tsamhail bhearfainn da beilin dhachaor chaorthainn, agus ba geall lepearlaibh a dead. Bhi a suile dunta.Bhi culaidh gheal shioda ag cumhdach acuirp, agus brat dearg sroil os acionn sin amuigh. Bhi muinche niamhrachde chlochaibh uaisle fa n-a pib, agusmar bharr ar na hiongantasaibh ar fadbhi mionn rioghdha ar a ceann.

    “Bainrioghan!” arsa Brighidin de ghuthiseal, mar bhi sort sgatha uirthi roimhan tsidheoig ghlormhair seo. “Bainrioghan o Thir na nOg! Feach, a Mhama,ta si i n-a codladh. Meas tu annduiseochaidh si?”

    “Toig i do laimh i,” adeir an mhathair.

    Shin an cailin beag a dha laimh amachgo faitcheach, leag go hurramach aran mbaboig iongantaigh iad, agus fadheireadh thog as an mbosga i. Nituisge rug si uirthi 'na d'osgail anbhabog a suile agus adubhairt de ghlorcaoin binn:—

    “Mam-a!”

    “Dia dar mbeannachadh,” ars' anmhathair ag gearradh comhartha na croiseuirthi fein,” ta urlabhra aici!”

    Bhi faobhar neamh-ghnathach i suilibhBhrighidin agus bhi lasadh neamh-ghnathach in-a ceann-aghaidh. Acht ni doigh liom goraibh si leath chomh sgannruighthe is bhi anmhathair. Bionn paisti ag suil lehiongantasaibh i gcomhnaidhe, agusnuair thuiteas rud iongantach amach nichuireann se an oiread uathbhais orthais chuireas ar dhaoinibh fasta.

    “Tuige nach mbeadh urlabhra aici?”arsa Brighidin. “Nach bhfuil urlabhraag Bairbre? Acht is binne i bhfad aguth so 'na guth Bhairbre.”

    Mo lean thu, a Bhairbre! Ca raibhtu ar feadh na haimsire seo? In do luighe ar an urlar san ait ar thuit tuas laimh Bhrighidin nuair thainig Beartliisteach. Ni feasach me an gcuala tuna briathra so o bheal do charad. Machualais, is dearbhtha go mb'arraingthri do chroidhe iad.

    Lean Brighidin uirthi ag labhairt.Labhair si go sgiobtha, a dha suil arlasadh i n-a ceann:—

    “Bainrioghan i seo,” ar sise.“Bainrioghan sidhe! Feach an chulaidhbhreagh ata uirthi! Feach an brat sroilata uirthi! Feach an mionn aluinnata uirthi! Is cosmhail i leis anmbainrioghain udan a raibh Stiophan naSgealta ag tracht uirthi an oidhchecheana, — an bhainrioghan a thainig tharfairrge o Thir na nOg ar marcaidheachtar an each ban. Cia an t-ainm a bhi aran mbainrioghain sin, a Mhama?”

    “Niamh Chinn Oir.”

    “Seo i Niamh Chinn Oir!” ars' ancailin beag. “Taisbeanfaidh me doStiophan i an chead uair eile thiocfasse! Nach air a bheas an t-athas i fheiceal, a Mhama? Bhi fearg air anoidhche fa dheireadh nuair adubhairt mo

    Dheaide nach bhfuil sidheoga ar bith ann.Bhi a fhios agam-sa nach raibh moDheaide acht ag magadh.”

    Nior mhaith liom a radh gur sidheogNiamh Chinn Oir, mar shil Brighidin, achtis doigh liom go raibh draoidheachteigin ag baint leithi; agus taim lanchinnte go raibh Brighidin fein fadhraoidheacht o'n noimead a dtainig siisteach sa teach. Muna mbeadh goraibh, ni fhagfadh si Bairbre i n-a luigheleithi fein ar an urlar ar feadh an trathnona gan focal a radh leithi na fiu amhaincuimhniughadh uirthi go ham codlata; nani ghabhfadh si a chodladh gan Bairbre athabhairt isteach sa leabaidh leithi marba ghnathach. Is ar eigin a chreidfea e, acht 'si an bhainrioghan og achodail i bhfochair Bhrighidin an oidhchesin i n-ionad an chompanaigh bhig dhilisa chodluigheadh i n-a fochair gach oidhchele bliadhain.

    D'fhan Bairbre i n-a luighe ar anurlar go bhfuair mathair Bhrighidin i, isgur thog is gur chuir suas ar bharr andrisiuir i san ait a raibh a parlusbeag fein. Chaith Bairbre an oidhche sin ar bharr an drisiuir. Nior chualasgur airigh Brighidin na a mathair na ahathair aon chaoineachan o'n gcisteanaigh i lar na hoidhche, agus leisan fhirinne a radh ni mheasaim gur shilBairbre deor. Acht is cinnte go raibhsi bronach go leor, i n-a luighe in-airde annsud leithi fein, gan lamh acharad i n-a timcheall, gan teas colnaa carad 'ga teitheadh, gan duine nadeoraidhe i n-a haice, gan fuaim arbith a chloisteail, acht amhain na fuamanna fanna fior-uaigneacha a bhios lecloisteail i dteach i n-am marbhtha nahoidhche.

 

    III.

    Is i n-a suidhe no i n-a luighe arbharr an drisiuir a chaith Bairbrebunaite na raithe dar gcionn.B'annamh a labhruigheadh Brighidin leithi;agus nuair a labhruigheadh, ni dheireadh siacht, “Bi i do chailin mhaith, a Bhairbre.Feiceann tu go bhfuilim cruadhogach.Caithfidh me aire a thabhairt do NiamhChinn Oir. Bainrioghan i sin, ta'sagat, agus caithfear aire mhaith athabhairt di.” Bhi Brighidin ag dul i n-aois anois (creidim go raibh si cuigbliadhna caithte no b'fheidir cuigbliadhna go leith), agus bhi si ag eirghe ascuid de na nosaibh a chleachtuigheadh si idtus a hoige. Ni “Brighidin” a thugadhsi uirthi fein anois, mar bhi a fhios aician bhrigh ata leis an bhfocailin “me,”agus leis an earbaillin sin “-im” nuaira cuirtear i ndiaidh “ta” agus “nil”e. Bhi a fhios aici freisin gur mor anmeas agus an onoir ata ag dul dobhainrioghain thar mar ata ag dul dochreatuirin beag bocht mar Bhairbre.

    Is baoghlach liom nar thuig Bairbrean sgeal so chor ar bith. Ni raibh inntiacht baboigin maide, agus, ar ndoigh,badh deacair da leitheid croidhe cailina thuigsint. Ba leir di go raibh sicaithte do leath-taoibh. 'Si NiamhChinn Oir a chodluigheadh i bhfochairBhrighidin anois; 'si Niamh Chinn Oir ashuidheadh le n-a hais am beile; 'siNiamh Chinn Oir a ghabhadh amach ar angcnoc le n-a cois, a luigheadh leithi imeasg na raithnighe, is a theidheadh leithiah bailiughadh noinini is meirini. 'SiNiamh Chinn Oir a teannadh si le n-a hucht. 'Si Niamh Chinn Oir a phogadh si.Duine eile a bheith san ait ba ghnathachleat-sa a bheith, duine eile a bheithag siubhal le cois an te ar ghnathachleat-sa siubhal le n-a chois, duine eilebheith ag pogadh an bheil ba dhual duitse a phogadh, — sin i an phian is mo dabhfulaingtear ar an saoghal so; agussin i an phian a bhi i lar Bhairbre anois,'ga ceasadh o mhaidin go hoidhche is 'gacradh o oidhche go maidin.

    Is doigh go ndearfar liom narbh'fheidir na smaointe seo na smaointear bith eile a bheith i gcroidhe Bhairbre,mar nach raibh innti acht breagan maidegan mothughadh, gan meabhair, gan tuigsint, gan treoir. M'fhreagra ar einnelabhrochas mar so liom: CA bhFIOSDUINN? Ca bhfios duit-se no dom-sanach bhfuil a mothughadh is a meabhairfein, a dtuigsint is a dtreoir fein, agbabogaibh is ag breaganaibh maide, ag angcrann is ag an gcnoc, ag an abhainnis ag an eas, ag mion-sgothaibh napairce is ag mion-chlochaibh na tragha?— 'seadh agus ag na ceadtaibh rudaieile fheicimid 'n-ar dtimcheall? Ni abraim go bhfuil; acht badh danaan mhaise dhom-sa no d'einne eilea radh nach bhfuil. Is doigh leisna paistibh go bhfuil; agus 'se mo bharamhail gur tuigseanaighe na paisti ineithibh de'n tsort so 'na tusa ismise.

    La amhain da raibh Bairbre i n-asuidhe go huaigneach leithi fein i n-aparlus, bhi Brighidin agus Niamh ChinnOir i seis chomhraidh cois na teineadh;no b'fhearr liom a radh go raibh Brighidini seis chomhraidh leithi fein, agus Niamhag eisteacht leithi; mar nior chualaeinne focal as beal na Bainrioghnariamh acht amhain “Mam-a.” Bhi mathairBhrighidin taobh amuigh de'n doras agnigheachan. Bhi an t-athair ag cur fhataisan ngarrdha. Nior fhan sa teach achtBrighidin agus an da bhaboig.

    Is doigh go raibh an cailin beag tuirseach, mar chaith si an mhaidin ag nigheachan (nigheadh si braithlin agus pluidna Bainrioghna gach seachtmhain). Bagearr go dtainig codladh uirthi. Bagearr i n-a dhiaidh sin gur leig si aceann ar a brollach is go raibh si i n-a toirchim suain. Ni thuigim i gceartceard d'eirigh tar 'eise sin, acht dereir chosamhlachta bhi Brighidin agtuitim le fanaidh no gur sineadh arleic an teallaigh i i bhfoigseacht orlaighdo'n teinidh. Nior dhuisigh si, marbhi si i n-a cnap codlata. Is cosmhailgo raibh Niamh Chinn Oir i n-a codladhfreisin, acht cia ar bith cia sgeal enior chorruigh si. Ni raibh einne sateach leis an bpaiste beag gradhmhara chosaint ar an mbas a bhi ag trialluirthi. Niorbh' eol d'einne i bheith igconntabhairt acht amhain do Dhia agusdo — Bhairbre.

    Bhi an mhathair ag oibriughadh leithtaobh amuigh agus gan aon chuimhneamhaici go raibh an bas chomh gar sin doleanbh a croidhe. Bhi si ag casadh puirtdi fein, agus 'gha chrochadh go breagh,nuair a chuala si an tuairt — tuairtmar bheadh rud eigin ag tuitim ar anurlar.

    “Ceard e sin anois?” ar sise leithfein. “Rud eigin a thuit de'n bhalla,ta seans. Ni feidir gurab i Brighidina bhain leis?”

    Isteach leithi go deifreach. Is areigin nar thuit an t-anam aisti leneart uathbhais. Agus ciarbh' iongnadhe? Bhi a leanbh muirneach sinte ar anteallach agus a coitin beag ar dearglasadh sa teinidh!

    Phreab an mhathair chuici treasna nacisteanaighe, thog i n-a baclainn i,is bhain di an cota. Ni raibh annacht gur tharrthuigh si i. Da bhfanfadhsi leath-noimeidin eile, bhi si romhall.

    Bhi Brighidin i n-a duiseacht anoisagus a dha laimh fa mhuineal a mathar.Bhi si ar craitheadh le teann faitchisagus, ar ndoigh, ag gol, ce nach go romhaith a thuig si an sgeal fos. Bhi amathair “'ga muchadh le pogaibh is'ga bathadh le deoraibh.”

    “Ceard d'eirigh dhom, a Mhama?Bhi me ag briongloidigh. Mhothuighme teas agus cheap me go raibh me agdul suas, suas san speir, agus goraibh an ghrian 'gam' dhoghadh. Ceardd'eirigh dhom?”

    “'Se toil De e nar loisgeadh mostoirin, — ni leis an ngrein, acht leis an teinidh. O, a Bhrighidin, a pheatabhig do mhathar, ceard a dheanfainn damarbhochthaidhe orm thu? Ceard a dhean-fadh t'athair? 'Se Dia adubhairt lioma theacht isteach ar an noimead sin! —Ni' me cearoch torann a chualame? Muna mbeadh sin ni thiocfainnisteach chor ar bith.”

    Bhreathnuigh si thairsti. Bhi gach rudi n-a ait fein ar an mbord, agus ar naballaibh, agus ar an drisiur, — acht fan!os comhair an drisiuir thug si fadeara an rud ar an urlar. Cearda bhi ann? Colann bheag gan ceann —colann baboige.

    “Bairbre a thuit de'n drisiur aris,”ars' an mhathair. “Mo choinsias, 'sishabhail t'anam duit, a Bhrighidin.”

    “Ni tuitim a rinne si 'chor ar bith!”ars' an cailin beag, “acht is amhlaidhchonnaic si go raibh me i gconntabhairtagus chaith si leim o bharr an drisiuirle me shabhail. A Bhairbre bhocht, thugtu t'anam ar mo shon!”

    Chuaidh si ar a gluinibh, thog corpanbeag na baboige, agus phog goceannsa ceanamhail e.

    “A Mhama,” ar sise go bronach,“o thainig Niamh Chinn Oir, ta faitchiosorm go ndearna me dearmad arBhairbre bhocht, agus gur mo an speisa chuir me i Niamh Chinn Oir 'na inntise; agus feach gurab i ba dhilse dhom in-a dhiaidh sin! Agus ta si marbh anoisorm, agus ni bheidh me i n-ann labhairtleithi aris go brathach, na a radh leithigur fearr liom mile uair — 'seadh,cead mile uair — i 'na Niamh.”

    “Ni marbh ata si 'chor ar bith,”adeir an mhathair, “acht gortuighthe.Cuirfidh t'athair an ceann uirthi arisnuair a thiocfas se isteach.”

    “Da dtuitfinn-se de bharr andrisiuir, a Mhama, is go gcaillfinnmo cheann, arbh' fheidir e chur orm aris?”

    “Niorbh' fheidir. Acht ni hionanntusa is Bairbre.”

    “Is ionann. Ta si marbh. Nachbhfeiceann tu nach bhfuil si ag corruighena ag labhairt?”

    B'eigin do'n mhathair an meid seoadmhail.

    Ni chuirfeadh aon nidh i n-a luighe arBhrighidin nach raibh Bairbre basuighthe agus nach le ise shabhail a thug si ahanam. Ni abrochainn fein go raibhan ceart aici, acht ni abrochainn nachraibh. Nil le radh agam acht an meidadubhras cheana: Ca bhfios dom-sae? Ca bhfios duit-se e?

    Cuireadh Bairbre an trathnona sinar thaoibh an chnuic san ait ar chaith siseagus Brighidin na laetheannta fadasamhraidh ud i measg na raithnighe is namblath. Ta meirini ag fas ag ceannna huaighe, agus ta noinini is bainne bobliochtain go fairsing i n-a timcheall.

    Roimh dhul a chodladh do Bhrighidin anoidhche sin, ghlaoidh si anall ar a mathair.

    “Meas tu, a Mhama,” ar sise, “anbhfeicfidh me Bairbre ar neamh?”

    “B'fheidir le Righ na Gloire gobhfeicfea,” adeir an mhathair.

    “Meas tu an bhfeicfead, aDheaide?” ar sise le n-a hathair.

    “Ta a fhios agam go binn go bhfeicfir,” adeir an t-athair.

    Gurab e sin Eachtra agus OidheadhBhairbre go nuige sin.

 

    (A chrioch sin.)

 

 

    EOGHAININ NA nEAN.